Ar an 26ú Feabhra thosaigh muid ár dturas. Chuaigh muid ar eitleán
ó Poznań go Baile Átha Cliath. Tar éis thuirling an eitleáin
bhí orainn bus a fháil ó Bhaile Átha Cliath go Gaoth Dobhair. D'fhan muid ansin
go dtí an Luain. Bhí am iontach againn
ann. Chuaigh muid go dtí an trá agus an cé.
Is dóigh liom gurb áit an-álainn, an-chiúin í.
Bhí an-suaimhneas ann in aice
leis an trá. Is áit í atá
thar cionn chun do scíth a ligean.An áit ar fhan muid ann ná Teac Campbell a bhí
an-álainn. Chuaigh muid fosta chuig teach tábhairne ar an gceolchoirm. B’iontach an taithí é. Chuaigh muid go RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí
muid imithe ar thóir eachtraíochta. Chuaigh muid ar siúlóid
beag agus chuaigh muid amú ar an mbealach. Ba thaithí an-ghreannmhar í. Ar an Luain, thaistil muid ar an mbus go
Doire.Chuaigh muid go dtí an Chultúrlann Uí Chanáin agus d'fhoghlaim muid faoi
gach cineál na tionscnamh a bhaineann le teanga agus cultúr na hÉireann.
D'fhoghlaim muid fosta go leor faoi stair Dhoire. Chuaigh muid go músaem an
Saor Dhoire.Chríochnaigh ár lá le cuairt i dteach tábhairne. D’ól
muid Guinness agus d'éist le banna beo ag seinm ceoil traidisiúnta. Bhí muid
faoi dhraíocht ag an gceol. Ár lá deiridh in Éirinn chaith muid i mBaile Átha
Cliath.Chuaigh muid go Coláiste na Tríonóide agus chonaic muid Leabhar
Cheanannais. Chuaigh muid ar shiúlóid trí shráideanna an
Bhaile Átha Cliath. Chonaic muid go leor foirgnimh suimiúla agus rudaí eile.
Bhí aimsir iontach
againn le linn ár bhfanachta
agus bhuail muid le daoine deasa.
Tá mé an-sásta go raibh deis mar seo
agam Éire a fheiceáil. Níor shíl mé riamh go rachainn ann.
D'oibrigh an turas amach thar cionn.
Brak komentarzy:
Prześlij komentarz