poniedziałek, 25 kwietnia 2016

Aneta Graczyk - Cuimhneacháin ar feadh an tsaoil



Chuaigh muid go hÉirinn an tseachtain seo caite. Bhí muid sé lá ann. An chéad lá, Dé hAoine, tháinig muid go Teac Campbell i nGaoth Dobhair, bhuail muid le bean an tí agus chuaigh muid go dtí an pub. D'ardaigh muid ár ngloine chun sláinte a ól.
            An lá dár gcionn, ar maidin, d’ith muid bricfeasta an-mhór: gránaigh, ubh scrofa, muiceoil friocta, ispíní agus arán donn (an-bhlasta!) agus d’ól muid sú oráiste, tae agus caife. Tar éis, chuaigh muid ar thuras bus timpeall ar Ghaoth Dobhair agus chonaic muid radhairc áille. San oíche chonaic muid Cabaret Craiceáilte.
            Dé Domhnaigh, chuaigh muid go dtí an eaglais chun éisteacht le Gaeilge. Sa tráthnóna, bhuail muid le cara Éireannach agus shiúil muid timpeall Bunbeg. Bhí an trá
go hiontach, bhí muid ag tógáil pictiúir.
            An lá dár gcionn, d’fhág muid Gaoth Dobhair. Bhí mé an-bhrónach, ach chuaigh muid go Doire agus bhí sé an-suimiúil ann. Bhí an aimsir an-fhuair, áfach. San oíche, chuaigh muid go Peadar O’Donnell’s chun éisteacht le ceol traidisiúnta.
            I mBaile Átha Cliath chonaic muid Coláiste na Tríonóide, an leabharlann agus oifig an phoist agus cheannaigh muid cuimhneacháin sa tráthnóna. Cheanaigh mé cártaí poist, seacláid, léinte agus uisce beatha.
Bhí an turas go hiontach agus ba mhaith liom filleadh ann!

Brak komentarzy:

Prześlij komentarz