poniedziałek, 25 kwietnia 2016

Ewa Linka - Ta súil agam go dtiocfaidh mé arís



Chuaigh muid ar an turas go hÉirinn idir 26.02 agus 2.03. Ba í Gaoth Dobhair an chéad áit ar fhan muid.Bhí muid ag codladh ansin ag teach aíochta an-cluthar Teaċ Campbell, atá suite in aice leis an trá.Bhí radharc álainn ónár bhfuinneoga.Ar an gcéad lá, bhí turas bus ann agus thug muid cuairt ar, mar shampla, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Radió na Gaeltachta. Níos déanaí chuaigh muid ar siúlóid fada ag an trá.Bhí an aimsir go hálainn agus thóg muid a lán de na pictiúir.
Ar an dara lá chuaigh muid go dtí an teach phobail ar maidin don aifreann as Gaeilge. Níos déanaí bhuail muid le Nora agus d'inis sí dúinn a lán rudaí spéisiúla faoi Gaeilge Acla.Sa tráthnóna tháinig cuid againn ar siúlóid fada agus corraitheach ar na cnoic.Bhí muid an-tuirseach  nuair a tháinig muid ar ais go dtí an t-óstán. Tar éis an dinnéir, d'amharc muid ar an Hobbit agus chuaigh muid a chodladh.
Ar an tríú lá chuaigh muid go Doire.Chuaigh muid ag siúl le treoraí ann agus d'inis sé dúinn faoi stair na cathrach. Thug muid cuairt ar an Bloody Sunday músaem agus Ionad Gaeilge - Cultúrlann Uí Chanáin. Sa tráthnóna chuaigh cuid againn go dtí an teach tábhairne. Bhí muid ag ól Guinness agus éisteacht le banna ceoil na hÉireann.
Chaith muid i mBaile Átha Cliath an lá seo chugainn. Chuaigh muid go Coláiste na Tríonóide. Chonaic muid taispeántas Leabhar Cheanannais agus an tSean-Leabharlann ar fheabhas ann. Níos déanaí bhí roinnt ama saor againn, chuaigh muid ag siúl agus cheannaigh muid cuimhneacháin. Tháinig muid ar ais go Poznan an lá dar gcionn. Bhain mé sult as an turas agus ta súil agam go dtiocfaidh mé arís ann.

Brak komentarzy:

Prześlij komentarz